close
Jump to content

Ragcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilRagcheol
BunúsStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1890í Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deceol Mheiriceá Thuaidh, popcheol agus parlour music (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Sampla fuaime



Cuir in eagar ar Wikidata
Maple Leaf Rag le Scott Joplin

Ceol sioncóipithe ó na Stáit Aontaithe a bhí coitianta i 1890-1920, nuair a tháinig snagcheol chun cinn ina ionad, faoi anáil an ragcheoil. I gcontrárthacht le hamhrán coitianta Irving Berlin, Alexander's Rag-Time Band (Banna Ragcheoil Alastair, 1911), don phianó is mó a cumadh dreasa ragcheoil, agus scaipeadh ragcheol i measc an phobail ag Scott Joplin is pianódóirí/cumadóirí eile. Ba é an scoláire, pianódóir is cumadóir Joshua Rifkin a bhí go mór taobh thiar d'athbheochan an ragcheoil ó 1970 ar aghaidh.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eagcheol (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.