Mediahuis
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | gnó | ||||
| Foirm dlí | Public limited company (Belgium) (en) | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1 Eanáir 2014 | ||||
| Suíomh a chartlainne |
| ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Suíomh gréasáin | mediahuis.be | ||||
Tá Mediahuis ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta nuachtán is mó san Eoraip. Tá láimhdeachas €1.2 billiún in aghaidh na bliana sa leathdhosaen tír de chuid na hEorpa ina bhfuil siad ag feidhmiú.[1]

Sna 2020idí, bhí an preasbharún Peter Vandermeersch i gceannas ar Mediahuis.
D'fhógair Mediahuis in 2023 go mbeidh an comhlacht sin críochnaithe le clóbhualadh nuachtán faoi 2030 mar go dtuigeann sé go bhfuil na nuachtáin ag dul ar líne.[2]
Tá titim ollmhór ar dhíolachán páipéir nuachta ar fud a domhain ag tús na 20ú haoise ; sin an fáth a bhfuil leithéidí Mediahuis ag díriú ar na meáin dhigiteacha inniu.
In Éirinn is le Mediahuis an Sunday Independent, Irish Independent, Seachtain, Belfast Telegraph, agus Sunday World, mar aon le dosaen nuachtáin áitiúla. Is minic gurb í an tuairisc chéanna, faoin ainm céanna, a bhíonn ag nuachtáin Mediahuis in Éirinn.
Sa bhliain 2025, thug Coimisiún na Meán tacaíocht le hiriseoireacht ar mhaithe le leas an phobail, ag maoiniú Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil in éineacht le Mediahuis.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mártan Ó Ciardha (22 Feabhra 2026). "Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
- ↑ oireachtas.ie (20 Aibr 2023). "Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge". www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
- ↑ "Seachtain ar lorg iriseora agus an fhoireann ag fás". Seachtain (2025-03-26). Dáta rochtana: 2026-02-22.